SPAR5s | Tá Iarrataisí oscailte anois do 2019

Tá Iarrataisí oscailte anois do 2019

Cliceáil ar anseo le clárú

 

A Mhúinteoir a Chara,

 

Tá an-áthas orm a fhógairt go bhfuil próiseas na n-iarrataisí 2019 do chlár 5eanna SPAR FAI oscailte anois.

 

Anuraidh, bhí baint ag 31,728 dalta leis an gclár agus ghlac breis is 1,528 scoil páirt ann.

Tá an comórtas ar an bhfód ó lár na 1990í agus gealltar go mbeidh an clár níos mó agus níos fearr i mbliana.

 

Tá Scoileanna FAI in ann a dheimhniú go reáchtálfar na Cluichí Ceannais Náisiúnta sa Stáid iontach sin,  Stáid Aviva arís i mbliana. D'fhéadfadh do scoilse a bheith sna Cluichí Ceannais Náisiúnta ar an 29ú Bealtaine,

mar sin cláraigh anois le deis a bheith agaibh dhuil an bealach ar fad agus lá a mhairfidh i gcuimhne na scoile agus na ndaltaí a chruthú.

Is do ghasúir i ranganna a 4, 5 agus 6 an comórtas iontach seo agus tosaíonn sé ar fad ag leibhéal condae. Is deis thar cionn na himeachtaí seo do chailíní agus buachaillí páirt a ghlacadh i lá blitz amháin lán le spraoi. 

 

Tá sé rannóg ann (3 cinn do bhuachaillí agus 3 cinn do chailíní) le freastal ar scoileanna de chuile mhéid, mar sin más scoil bheag nó mór nó idir eatarthu atá agaibh tá comórtas ann a bhéas feiliúnach dhaoibh. Áirítear scoileanna i ‘rannóga’ de réir an méid buachaill/cailín atá ar an rolla i ranganna a 4, 5 agus a 6. Is rannóg do scoil bheag, meánach nó mór a bheas i gceist.

 

 

SONRAÍ AN CHOMÓRTAIS

Le do thoil, breathnaigh ar bhróisiúr agus sceideal SPAR5s 2019, atá ceangailte leis seo. Taispeánfaidh sé leagan amach agus rialacha an chomórtais agus sonraí faoi chluichí cáilithe do Chondae fhéin. Agus má bhíonn aon cheist faoin gcomórtas agat tá sonraí teagmhála do Eagraí áitiúil sa gceangaltán freisin. Tabhair aird le do thoil ar an méid foireann ceadaithe i bhur gcluichí cáilithe condae.

 

 

PRÓISÉAS CLÁRÚ AGUS ÍOCAÍOCHTA 

Cláraigh do scoil anois ag www.fai.ie/primary5

 

Is €50 an scoil (ní an fhoireann) an táille iontrála agus is féidir íoc le seic nó le haistriú bainc leictreonach. Ba cheart seiceanna a bheith in ainm FAI Schools agus ansin seolta ar aghaidh chuig an eagraí áitiúil cuí. Le go n-aithneofar íocaíocht ar-líne do scoilse, ba cheart uimhir rolla na scoile a bhreacadh síos leis an aistriú.

 

Mumhan: Mr. Gerard Duggan, Múinteoir, St. Mary’s BNS, Port an Chalaidh, Co. Phort Láirge 

Ainm an chúntais: FAIS Munster Branch, IBAN: IE12AIBK93411950677028, BIC: AIBKIE2D 

 

 

Ulaidh: Kieran Shiels, Conwal, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall

Ainm an chúntais: FAIS Ulster Branch, IBAN: IE07BOFI90491532618446, BIC: BOFIE2D

 

Connachta: Mr. Noel Dervan, Múinteoir, Lisaniskey NS, Ballydooley PO,  Donamon, Co. Ros Comáin

Ainm an chúntais: FAIS Connacht Primary, IBAN: IE75BOFI90368082744619, BIC: BOFIIE2D

 

Laighin: Mr. Tom Bolger, Múinteoir, St. Bernadette’s SNS, Gleanntán an Choiréil, Baile Átha Cliath 22

Ainm an chúntais: FAIS Leinster Primary, IBAN: IE31IPBS99060571054685, BIC: IPBSIE2D

 

Ní bheidh cead ag scoileanna páirt a ghlacadh go mbeidh an fhoirm agus an táille againn.

 

CEARTÚCHÁIN

Má bhíonn tú ag iarraidh athrú nó ceartúchán a dhéanamh le do bhun-iarratas, ní gá iarratas eile a dhéanamh. Is féidir na h-athraithe a dhéanamh ach r-phost ag míniú na h-athraithe a sheoladh chuigprimaryschools@fai.ie  

 

 

SPRIOC-DHÁTAÍ

Tabhair aird le do thoil nach mbeidh ach sprioc-dháta amháin do chuile chondae i mbliana, sé sin Dé hAoine, 15ú Feabhra ag 5pm. Ní ghlacfar le h-aon iarrataisí deireanacha.

 

Le tuilleadh eolais faoin gclár a fháil, seol r-phost chuig primaryschools@fai.ie.

Ba mhaith liom ag an bpointe seo chuile rath a ghuimhe ar do scoil sa gcomórtas, tá súil agam go mbainfidh sibh taitnemh as.